Jump to content

Caisleán Ó gCuanach

Caisleán Ó gCuanach
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálSuíomh stairiúil agus caisleán Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinAn Chúil Bhán, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 34′ 57″ N, 8° 15′ 36″ O / 52.58253°N,8.26003°W / 52.58253; -8.26003
ID logainm1412275

Túrtheach ón 13ú haois is ea Caisleán Ó gCuanach, ar a dtugtar Caisleán an Chúil Bháin chomh maith, atá suite i gContae Luimnigh, Éire.[1][2]

Tá Caisleán Ó gCuanach suite 2.6 ciliméadair (1.6 míle) thiar theas ó shráidbhaile Dún Bleisce. Tá sé suite ar bhruach thiar Abhainn Cheathrú na hAille, craobh-abhainn den Abhainn Mharbh, í féin ina craobh-abhainn de chuid na Maoilchearna.[3]

Tógadh an caisleán thart ar an bhliain 1225 ag lánúin chumhachtach Normannach, William agus Matilda de Marisco.[4] Tá féidearthacht ann go raibh dún níos luaithe ar an suíomh, a tógadh sa 12ú haois. Choigistigh an Rí Eoin an talamh sa bhliain 1210.

I mí na Samhna 1234 chaill muintir de Marisco an caisleán mar phionós as tacaíocht a thabhairt do Risteard Marshal, 3ú hIarla Pembroke in aghaidh an Rí. Bhronn Rí Anraí III é do Lúcás, Ardeaspag Bhaile Átha Cliath. I 1242, thug Lúcás léas 20 bliain ar mhainéar Uí Chuanach do Mhuiris Mac Gearailt, 2ú Tiarna Uíbh Fhailí. Thóg an Rí ar ais é sa bhliain 1244.[3]

I 1281 bronnadh é ar Otto de Grandson. Tháinig meathlú ar an caisleán tar éis sin.[3]

Tá an caisleán ar thalamh cothrom agus é ar an teorainn le fána cuarach ar an taobh theas. Tá an daingean 14.3 m × 9 m (47 tr × 30 tr) go hinmheánach, agus bhí airde suas le 14 m ar na ballaí (ní mhaireann ach cuid de na ballaí).[5] Tá an túirín 5.2 m x 3.4 m go seachtrach. Bhí ballaí an-tiubh ag íoslach an daingin, suas le 3.3 m (11 tr) in áiteanna.[3]