Cainche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCainche
Cydonia oblonga Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo dequince (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhpóma Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN61611928 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdRosales
FineRosaceae
GéineasCydonia
SpeiceasCydonia oblonga Cuir in eagar ar Wikidata
Mill., 1768

Is crann beag duillsilteach é an crann cainche a thugann torthaí crua piorracha. Cydonia oblonga an t-ainm eolaíoch atá air. Is é an t-aon bhall den ghéineas Cydonia é, siúd is go bhfuil gaol réasúnta gairid ag an gcainche leis an úll agus leis an bpiorra. "Cainche" a thugtar ar an toradh. Faoi láthair, táirgítear an barr cainchí is mó ar domhan, an ceathrú cuid den bharr domhanda, sa Tuirc.

Bíonn an crann 5–8 m (16–25 troigh) ar airde agus 4–6 m (13–20 troigh) ar leithead. Bíonn na duilleoga 6–11 cm (2.3–4.3 orlach) ar a bhfad agus ciúmhais timpeall orthu. Bíonn clúmh mhín bhán ar na duilleoga. Bíonn na torthaí 7–12 cm (2.7–4.7 orlach) ar a bhfad agus 6–9 cm (2.3–3.5 orlach) ar leithead. Dath órbhuí a bhíonn orthu agus iad aibí.

Tagann bláth ar an gcrann cainche i mí na Bealtaine. Bíonn na bláthanna bán nó pinc. Bíonn na torthaí glas agus iad ag fás le linn an tsamhraidh. Bíonn clúmhnachán liath orthu a imíonn sula dtagann an chainche chun aibíochta i Meán Fómhair nó i nDeireadh Fómhair. Dath buí a bhíonn ansin orthu. Bíonn na torthaí crua cumhra, freisin.

Tá trí chineál cainche comónta ann, is é sin cainche na Portaingéile, an chainche úllchruthach, agus an chainche piorrachruthach. Fásann an chéad chrann díobh seo níos airde agus bíonn na torthaí níos mó. Is torthúla an ceann úllchruthach ná na cinn eile, ámh. Tagann an chainche phiorrachruthach chun cineáil níos déanaí ná an ceann úllchruthach.[1] Tá ceithre chineál crann eile ar a dtugtar "cainche", go mór mhór an chainche Sheapánach (Chaenomeles laginaria), ach glactar anois nach bhfuil siad gaolta le Cydonia oblonga. Scothanna dearga nó scarlóideacha a bhíonn ar na speicis eile seo, uaireanta.

Bunús agus Dáileadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chainche dúchasach sa réigiún Cugais in iarthar na hÁise. Leath a saothrú go tíortha an Mheánoirthir fada siar—bhí an chainche ag na hAcadaigh sa Mheaspatáim—agus ansin go hoirthear na hEorpa. Bhí an chainche á saothrú ag daoine sa Mheánoirthear sular thosaigh siad ag saothrú an úill. Go deimhin, tá cuid scoláirí ann den bharúil gurb é an chainche, agus ní an t-úll, atá i gceist i dtéacsanna ársa dála Laoi na Laoithe sa Bhíobla, cé gur "úll" a roghnaigh aistritheoirí ó shin i leith. Scothanna dearga nó scarlóideacha a bhíonn ar chuid díobh seo, chomh maith le cinn bhána nó bhándearga.

Roinnt cineálacha cainchí

Bhí baint ag an gcainche le hAfradaíté, bandia an ghrá, dar leis na Sean-Ghréigigh. Scríobh Plútarc go mbíodh sé mar nós ag mná nuaphósta sa Ghréig greim beag a bhaint as cainche roimh dul isteach sa seomra bainise ionas go mbeadh a céad phóg milis. Tá oidis le haghaidh na cainche sa leabhar cócaireachta Sean-Rómhánach le hApicius: Stobhadh í le mil de ghnáth (ach le cainneanna in oideas amháin). Tá cineál amháin cainche luaite ag Plinias Mór a bhí inite agus í ámh, ar a dtug sé an "chainche Mulviach".

Bíonn an chainche le feiceáil ina lán tíortha i gcónaí. Cailleadh an chuid ba mhó de na crainn i Meiriceá Thuaidh mar gheall ar ionfabhtú, ach bíonn siad coitianta go leor i ngairdíní sa Mheán Oirthear agus i nDeisceart na hEorpa. Is féidir an chainche a shaothrú i Sasana, ach in Albain bíonn balla de dhíth chun é a chosaint ar an tsíon. I Sasana, feictear crann nó dhó i ngairdín nó in úllord, ach is minice a fheictear tomacha Chaenomeles in áit na gcrann Cydonia, gí gur “cainche” a thugtar go coitianta orthu sin freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Encyclopaedia Britannica, 11ú eagrán (1910), “Quince”.