CONCOS
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | eagraíocht |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Suíomh gréasáin | colaistigaeilge.ie |
Cónaidhm is ea Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (nó CONCOS mar is fearr aithne orthu) a dhéanann ionadaíocht ar na Coláistí Samhraidh Gaeilge atá sna ceantair Ghaeltachta agus Galltachta araon.[1][2] Tá aitheantas orthu faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge chun cúrsaí Gaeilge a reáchtáil.
Tá CONCOS lonnaithe i Leitir Móir.

Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2008 a tháinig deireadh leis an maoiniú a chuireadh an Roinn Oideachais ar fáil do Choláistí Samhraidh Gaeilge.[4]
In 2024, d'íoc Roinn na Gaeltachta liúntas (€13 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche) le fir agus mná tí na gcoláistí samhraidh.[5]
In 2024, bhris aighneas amach idir coláistí samhraidh agus ranna rialtais faoi phlean teorainn a chur le líon na gcúrsaí samhraidh coicíse a bheidh ceadaithe. Cúrsaí trí seachtaine an struchtúr a bhí ann go dtí na 2020idí Dúirt na coláistí samhraidh nach raibh an t-éileamh ann ar chúrsaí trí seachtaine a thuilleadh agus gur fearr le tuismitheoirí rogha an chúrsa coicíse a bheith acu. Deir CONCOS, gur cinneadh gnó é do gach coláiste samhraidh cúrsaí trí lá, cúrsaí coicíse nó cúrsaí trí seachtaine a reáchtáil, cinneadh a dhéantar bunaithe ar an éileamh a bhíonn ann agus ar mhianta na gcoláistí féin.[6][5]
Féach Freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ CONCOS- suíomh gréasáin
- ↑ Na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht agus CONCOS in 2017- agallamh Raidió na Life & Near FM le Maria Nic Dhonncha ó CONCOS
- ↑ "Irish College Gaeltacht Summer Courses | Coláiste Chamuis" (en-GB). Colaiste Chamuis. Dáta rochtana: 2026-01-30.
- ↑ "‘Ní bheidh na coláistí samhraidh in ann feidhmiú gan cead gearrchúrsaí agus cúrsaí coicíse a reáchtáil’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-19). Dáta rochtana: 2024-07-20.
- 1 2 Méabh Ní Thuathaláin (19 Iúil 2024). "Aighneas faoi fhad na gcúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-20.
- ↑ Darren Ó Dubhgáin (29 Eanáir 2026). "Cúrsaí samhraidh Gaeltachta do 2026 díolta amach taobh istigh de dhá bhomaite" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-30.