Clochán Cárthainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó CIIC 230)
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Clochán Cárthainn
Sonraí
CineálSuíomh seandálaíochta
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire
Map
 51°53′N 10°11′W / 51.89°N 10.18°W / 51.89; -10.18

Séadchomhartha Náisiúnta (228) is ea an ráth agus cloch oghaim (CIIC 230), Clochán Cárthainn, suite i gContae Chiarraí, Éire.[1][2]

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Clochán Cárthainn suite ar an taobh thiar den Leithinis Uíbh Ráthaigh, 7.2 km ó dheas soir ó dheas de Cathair Saidhbhín,[3] ag 51°53′18″N 10°11′02″W / 51.888436°N 10.184025°W / 51.888436; -10.184025

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaithe ar ghramadach na hinscríbhinne, moltar gur cuireadh an chloch Oghaim suas sách déanach c. AD 600.[4] In aice léi, tá caiseal adhlactha Críostaí.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ciorclach é an rath agus banc cré thart timpeall air, le slí isteach ar an taobh thoir agus galláin ar an taobh thiar. Laistigh tá bothán ciorclach, trí leacht, uaimh talún agus leac croise. Ghlaoití 'Keel' Darrach air sa cheantar.

Sheasadh an chloch Oghaim ag an slí isteach thoir den ráth, ach anois tá sí ar an taobh thuaidh. Is cloch slinne í, le tomhas 208 × 38 × 18 cm. Léitear an inscríbhinn:

EQQẸGGNỊ [MA]Q̣[I] ṂẠQI-CAṚATTỊNN
Ec...áin? mhic mhic Caorthainn"

Scríobhadh í seo os cionn inscríbhinn nia luaithe:

D[ ... ]A[.C.] AVI DALAGNI [MAQI C--
D...Dalagni mhic [5]

Feictear an t-ainm céanna ar chloch Oghaim, litrithe MAQI-CAIRATINI, i mBaile Phaghain (CIIC 40).[6][7]

Crann caorthainn. Chreidtí go gcuireadh sé bac ar ainsprideanna.[8]

D'fhéadfadh é gurb í ciall an ainm 'clochán' anseo "áth chloch chora" (tá sruthán, an Doirín, lastoir de), nó clochán coirceogach, mar a fhaightear sa chaiseal.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]