Cótó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cótó

Siotar Seapánach is ea an cótó, timpeall 1.85 m ar fhad le 13 téad síoda rite trasna droichead inghluaiste ar féidir raon tiúntaí a shocrú air. Cuirtear ar an urlár é, agus suíonn an seinnteoir is a dhá chos trasna ar a chéile, nó téann ar a ghlúine os a chomhair is baineann na téada le 3 fhigín sa lámh dheas, ag rialú na hairde trí bhrú ar na téada leis an lámh chlé.