Córas eolasbhunaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas ríomhaire a fheidhmíonn ar eolas, eagraithe ina thacar rialúchán, mar mhalairt ar fheidhmiú ar shonraí. Úsáidtear é mar mhacasamhail nó aithris ar phróisis an duine i gcinneadh ar chomhairle nó breith: mar shampla, i ndiagnóisiú sa mhíochaine, nó measúnú san achtúireacht. Luaitear an tacar rialúchán a mbíonn an córas ag feidhmiú air mar bhunachar eolais, mar mhalairt ar bhunachar sonraí.