Córas domlasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Córas domlasach

Córas fiseolaíoch chun domlas a tháirgeadh, a stóráil, a thiubhú is a iompar, a chuimsíonn an t-ae, máilín an domlais, agus duchtanna áirithe. Draenálann an domlas a dhéantar san ae isteach i nduchtanna heipiteacha, agus uathu sin tríd an ducht cisteach isteach i máilín an domlais. Spreagann ionghabháil bianna sailleacha tál an domlais as an máilín agus isteach trí dhuchtanna domlasacha cisteacha is comónta, mar a meascann sé le heinsímí díleácha ón bpaincréas. Uaireanta cruthaítear clocha domlais sa mháilín nó na duchtanna dromlasacha a chuireann bac le rith an domlais tríd an gcóras, agus fulangíonn duine pianta is míchompord dá bharr (coiliceam domlasach).