Cónasc (gramadach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa teangeolaíocht, is focal a cheanglaíonn dhá abairt, fhrása, nó chlásal le chéile é cónasc.[1]

Tugtar cónasc comhordaithe ar chónasc a cheanglaíonn dhá fhrása a bhfuil an tábhacht chéanna acu. Is iad “agus”, “nó”, agus “ach” na cónaisc chomhordaithe is coitianta i nGaeilge. Mar shampla:

  • Tháinig an bus agus chuaigh mé air.
  • D'ith mé prátaí agus coirce.
  • Bhí rún agam é a chaitheamh amach arís sa loch ach rinne mé dearmad.
  • Is iad na Dúchrónaigh na Black and Tans atá i gceist sa tríú véarsa.

Tugtar cónasc fo-ordaitheach ar chónasc a cheanglaíonn clásal neamhspleách le fochlásal. Is iad “má”, “nuair”, agus “mar” na samplaí is coitianta i nGaeilge. Mar shampla:

  • Seas an fód tá tú cinnte.
  • Beidh tú ar mhuin na muice nuair a bheidh sé déanta.
  • Theip orm mar nach raibh an t-ádh orm.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: cónasc” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-08-19.