Cóca
Appearance
Erythroxylum coca | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | Cócaon agus coca leaf (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Malpighiales |
Fine | Erythroxylaceae |
Géineas | Erythroxylum |
Speiceas | Erythroxylum coca Lam. |
Crann síorghlas atá dúchasach do Mheiriceá Theas is ea an crann cóca (Erythroxylum coca, an fospeiceas is coitianta) agus fuaimnithe "kó kath" sna hAindéis.
Is crann beannaithe ag an bpobal dúchais an crann cóca, a fhásann go hard ins na hAindéis, go háirithe sa Cholóim, Peiriú, an Bholaiv agus Eacuadór. Itheann siad na duilleoga chun fuinneamh a thabhairt dóibh, chun ocras a bhaint díobh ar thuras fada, fé bhráid géire aigne agus é an-mhaith don gcroí, a deirtear. Meascann siad iad le sliogán áirithe farraige a róstann siad ar dtúis agus a mhionnaíonn siad ina phúdar bán (níl sé seo dleathach ach i Meiriceá Theas).[1]
Táirgí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is as a deintear an cócaon. Do mhargadh na hEorpa agus na Stát Aontaithe is mó a dhéantar é.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Crann cacó agus cócaon
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Breanndán Ó Beaglaoich (30 Eanáir 2024). "TUAIRISC ÓN gCOLÓIM: Cheapas gurb é Gairdín Pharthais a bhí sroichte agam!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-30.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |