Catherine Hayes
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 29 Deireadh Fómhair 1818 Luimneach |
| Bás | 11 Lúnasa 1861 42 bliana d'aois Londain, England |
| Áit adhlactha | Reilig Kensal Green |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | amhránaí ceoldrámaíochta |
| Cineál gutha | Soprán |
| Uirlis | Ceol gutha |
| Suíomh gréasáin | catherinehayes.com |

B’amhránaí cheoldráma í Catherine Hayes (29 Deireadh Fómhair 1818 - 11 Lúnasa 1861), Eala na hÉireann, an chéad Opera Diva a tháinig as Éirinn.
Rugadh in uimhir 4 Sráid Pádraig, Luimneach í sa bhliain 1818, iníon le máistear bhuíon ceol míleata Art Ó hAodha agus a bhean Máire Ní Chearrbhail, bean aimsire. Baisteadh in Airdeaglais Mhuire agus tógadh suas mar Phrotastúnach (Eaglais na hÉireann) í.
Nuair a d'fhág a hathair an teaghlach, b'éigean di tosnú ag obair mar chailín aimsire i dtigh Tiarna Luimnigh i Sráid Annraoi. Nuair a chlois an Dochtúir Knox, Easpag Protastúnach Luimnigh í ag canadh le linn a hoibre, d’íoc sé a costaisí staidéir faoin múinteoir cáiliúil Antonio Sapio i mBaile Átha Cliath.
Chan sí go poiblí don chéad uair sa bhliain 1837 i mBaile Átha Cliath agus aithníodh láithreach go raibh guth thar an ngnáth aici. Seacht mbliain ina dhiaidh sin ba í an Prima Donna in amharclann La Scala i Milano na hIodáile. Sa bhliain 1849, chan sí roimh Bhanríon Victoria Shasana agus d’fill sí ar Luimneach an bhliain dár gcionn nuair a ghlac sí an príomh-pháirt i gceoldráma Bellini La Somnambula.
Thaistil sí go forleathan san Eoraip, i Meiriceá agus san Astráil. Ainmníodh sráid ina honóir i San Francisco, áit inar phós sí a bainisteoir William Avery Bushnell sa bhliain 1857 agus ba an bhan-amhranaí ar an bpá is airde ar domhain í ag an am.
Cailleadh í ag barr a réime in aois 43 bhliain i Londain i mí Lúnasa 1861 agus adhlacadh i reilig Kensal Green sa chathair sin í.