Breith nádúrtha
Cuma
Luí seoil rathúil gan drugaí gan uirlisí seachtracha is ea breith nádúrtha (nó natural childbirth).
Sa traenáil chuici, déantar iarracht nádúr an phróisis a mhíniú, dearcadh síceolaíoch a chothú sa mháthair a laghdaíonn imní is eagla agus a mhéadaíonn a fulaingt ar phian. Tá an próiseas sábháilte b'fhéidir nuair nach bhfuil aon neamhord fisiciúil ar an máthair ná an toircheas.
Is mór an chabhair aclaíochtaí roimh ré chun matáin an bhoilg a neartú is na matáin pheilbheacha a spreagadh chun bogtha, mar tagann an dá ghníomh seo i gceist le linn na breithe.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Breith nádúrtha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 89.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |