Brathadóir cáithníní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Brathadóirí cáithníní

Feistí chun cáithníní fo-adamhacha a bhrath is a aithint i dturgnaimh fhisic na gcáithníní. Deartar iad chun an fuinneamh iomlán, an cóimheas luchta/maise, an luas, an t-ionad, is an t-am a thomhas. Níl aon fheiste amháin in ann na tomhais éagsúla seo a dhéanamh, agus mar sin bíonn roinnt aonad scoite sna brathadóirí seo de ghnáth, gach aonad le cainníocht amháin a thomhas. Cuingrítear is comhghaolaítear iad i ríomhaire ansin.