Branar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gort mór fágtha gan chur.

Teicníc feirmeoireachta is ea branar ina bhfágtar talamh arúil gan chur ar feadh séasúr fáis amháin nó níos mó. Is é an sprioc a bhaineann le branar ná ligean don talamh ábhar orgánach a aisghabháil agus a stóráil, cion taise a choinneáil, agus cur isteach ar shaolréanna lotnaidí agus pataiginí a iompraítear san ithir trína gcuid óstach a bhaint go sealadach. Go hiondúil, d’éiligh córais uainíocht na mbarr go bhfágfaí cuid de pháirceanna an fheirmeora ina bhán nó gan chur gach bliain.[1]

Mar gheall ar an méadú ar dhianfheirmeoireacht, lena n-áirítear úsáid a bhaint as barra cumhdaigh in ionad cleachtais branair, tá caillteanas acra talún branar, chomh maith le himill pháirce, fálta agus talamh gan rath. Laghdaigh sé seo bithéagsúlacht; tá branair mar phríomhghnáthóg d'éanlaith talaimh feirme.[2] 

Siondróm branair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éard atá i gceist le siondróm branair ná nuair nach mbíonn a dhóthain iontógáil cothaitheach ag barr mar gheall ar an easpa Arbuscular mycorhizae (fungais AM) san ithir tar éis tréimhse branair. Níor cheart go leanfadh barraí ar nós arbhar a bhfuil seans maith ann go mbuaileadh siondróm branair iad, ach ina ionad sin ba cheart go leanfadh siad barr cumhdaigh atá ina óstach ar fhungais AM, mar choirce nó barra gráin bheaga eile. Is féidir le láithreacht aon fhréamhacha plandaí, lena n-áirítear fiailí, siondróm branair a laghdú. [3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]