Dianfheirmeoireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dianfheirmeoireacht

Feirmeoireacht le leibhéal ard táirgthe, go príomha le húsáid leasuithe, spraeanna is ceimiceáin cógaisíochta. Táirgeann a leithéid níos mó torthaí in aghaidh an heictéir, ionas gur féidir beatha a thuilleamh ar fheirm cuíosach beag. Braitheann an fheirmeoireacht seo ar innealra feirme, cosúil le hinneall crúite is cothaitheoir uathoibríoch, agus ceimiceáin chun galair plandaí is ainmhithe a shárú is cur le fás is torthúlacht. Cabhraíonn roghnú is pórú géiniteach, chomh maith le bianna le hormóin shaorga fáis is cothuithe neamhorgánacha plandaí, chun na hainmhithe is na tailte a dhéanamh níos torthúla. Fuarthas mar locht ar chuid de na cleachtais seo go raibh siad cruálach ar na hainmhithe, agus molann cuid mhaith eolaithe cosc a chur ar dháileoga móra frithbheathach de bhrí gur féidir go n-aistreofar frithbheartacht baictéar na n-ainmhithe do chuid mhaith frithbheathach chuig na baictéir a ionfhabhtaíonn daoine. Is é dianshaothrú an teirme teicniciúil ar an gníomhaíocht seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dianfheirmeoireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 210.