Gluaisne de Brún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Brúnghluaisne)

Gluaisne randamach de pháirteagail ábhair atá ar foluain i leacht nó gás. D'fhionn an luibheolaí Sasanach Robert Brown (1773-1858) an ghluaisne seo i 1827 agus é ag breathnú ar pháirteagail pailine in uisce le micreascóp. Mhéadaigh meánluas na bpáirteagal nuair a méadaíodh teocht an uisce, agus laghdaigh an meanluas nuair a laghdaíodh an teocht. Níor thuig Brown cad ba bhun leis an bhfeiniméan, ach mhínigh Einstein go raibh na páirteagail pailine faoi shíorbhrú ag na móilíní uisce féin is iad faoi shíorghluaisne randamach. Mar sin, is léiriú tábhachtach é an bhrúnghluaisne ar theoiric chinéiteach ábhair, a thugann le tuiscint go mbíonn móilíní gach ábhair faoi shíorghluaisne, ar mheánluas i gcomhréir leis an teocht.