Bróidnéireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bróidnéireacht

Maisiú éadaí le fuáil, ealaín chomh seanda sin go bhfeictear sa phéintéireacht ar bhallaí tuamaí Éigipteacha í. Dhéantaí an fhuáil de láimh ar an mbunfhabraic, agus saothraíodh leibhéal ard ealaíne ar bhaill shaibhre éadaigh is feistis tí sa Mheánoirthear, an India is an Cianoirthear. San Eoraip rinneadh samplaí suntasacha ar éadaí sagart is brait altóra. Sampla cáiliúil is ea Taipéis Bayeux ón 11ú céad. Scil ab ea í a bhíodh riachtanach don ghnáthbhean i ndéanamh éadaí is feisteas. Maireann lámhbhróidnéireacht fós mar cheird, ach inniu déantar bróidnéireacht le meaisíní ríomhrialaithe den chuid is mó, atá in ann patrúin fhíorchoimpléascacha a dhéanamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bróidnéireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 92.