Bothán fear

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bothán fear in Grenfell na hAstráile

Is éard is bothán fear ann ná eagraíocht áitiúil neamhbhrabúis a sholáthraíonn spás le haghaidh ceardaíochta agus caidrimh shóisialta. Tháinig an ghluaiseacht chun cinn san Astráil sna 1980idí mar bhealach chun sláinte agus folláine na bhfear scothaosta a fheabhsú. Anois, cuireann roinnt de na botháin fáilte roimh aon duine, beag beann ar aois nó ar inscne. Tá níos mó 900 bothán fear ann san Astráil amháin, leis na mílte ball gníomhach.[1] Tá go leor bothán fear i dtíortha eile chomh maith, mar shampla sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Fhionlainn, sa Nua-Shéalainn agus sa Ghréig.

Is é “gualainn ar ghualainn” mana na n-eagraíochtaí, leagan giorraithe den fhrása “Ní labhraíonn fir aghaidh ar aghaidh, labhraíonn siad ghualainn le gualainn". Glacadh leis an mana seo tar éis chomhdháil bhliantúil Chumann Astrálach na mBothán Fear in 2008.[2][3] Tugtar “bothánaithe” "(“shedders” i mBéarla) ar dhaoine a bhaineann úsáid as na botháin.[4] Ceann de na torthaí is tábhachtaí atá ag teacht as gluaiseacht na mbothán ná an mheantóireacht idirghlúine a dhéantar iontu.[5][6][7] Tá acadóirí ag baint úsáide as na botháin mar ionad taighde chun riachtanais sláinte agus shóisialta na bhfear a fhiosrú.[8][9][10][11]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. What is a Men's Shed”. MensShed.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar August 1, 2012. Dáta rochtana: October 23, 2012.
  2. Barry Golding (2015). "The Men's Shed Movement: The Company of Men". Common Ground Publishing. ISBN 978-1-61229-787-3. 
  3. Marion Bowl (5 March 2013). "Gender, Masculinities and Lifelong Learning". Routledge. ISBN 978-1-136-29473-0. 
  4. Barry Golding (2015). "The Men's Shed Movement: The Company of Men": 38. Common Ground Publishing. ISBN 978-1-61229-787-3. “Ruth van Herk from Lane Cove Men's Shed in Sydney claims credit for the word 'shedders' as she used it 'very early in the history' in presentations and in the written word.” 
  5. Cordier, Reinie (2014-05-01). "Mentoring at Men's Sheds: an international survey about a community approach to health and well-being". Health & Social Care in the Community 22 (3): 249–258. doi:10.1111/hsc.12076. ISSN 1365-2524. PMID 24199944. 
  6. Wilson, Nathan J. (2013-12-01). "Older male mentors' perceptions of a Men's Shed intergenerational mentoring program". Australian Occupational Therapy Journal 60 (6): 416–426. doi:10.1111/1440-1630.12090. ISSN 1440-1630. PMID 24299481. 
  7. Cordier, Reinie (2016-11-01). "Formal intergenerational mentoring at Australian Men's Sheds: a targeted survey about mentees, mentors, programmes and quality". Health & Social Care in the Community 24 (6): e131–e143. doi:10.1111/hsc.12267. ISSN 1365-2524. PMID 26285782. 
  8. Shand, Fiona L. (2015-10-01). "What might interrupt men's suicide? Results from an online survey of men". BMJ Open 5 (10): e008172. doi:10.1136/bmjopen-2015-008172. ISSN 2044-6055. PMID 26474936. 
  9. Hansji, Neeraj L. (2015-05-01). "Men's Sheds: enabling environments for Australian men living with and without long-term disabilities". Health & Social Care in the Community 23 (3): 272–281. doi:10.1111/hsc.12140. ISSN 1365-2524. PMID 25428844. 
  10. Fildes, Dave (2010-09-25). "Shedding light on men: the Building Healthy Men Project". Journal of Men's Health 7 (3): 233–240. doi:10.1016/j.jomh.2010.08.008. ISSN 1875-6867. 
  11. Culph, Jennifer S. (2015-10-01). "Men's Sheds and the experience of depression in older Australian men". Australian Occupational Therapy Journal 62 (5): 306–315. doi:10.1111/1440-1630.12190. ISSN 1440-1630. PMID 26061865.