Borráiste gorm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Borráiste gorm
Borretsch Borage.jpg
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Plantae
Aicme: Eudicots
Fine: Boraginaceae
Géineas: Borago

Planda láidir bliantiúil a fhásann 60 cm ar airde, cumhdaithe le ribí righne bána, dúchasach do lár na hEorpa is réigiún na Meánmhara. Na duilleoga garbh ubhchruthach. Na bláthanna 2 cm ar trastomhas, geal gorm cromtha, le 5 pheiteal spréite is antair dhubha. Saothraítear mar luibh é. Boladh cúcamair óna dhuilleoga brúite.