Bon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An yungdrung, siombail tábhachtach Bon

Reiligiún Tibéadach is ea Bon (Tib. བོན་ bon). Tugtar Bonpos (Tib. བོན་པོ་ bonpo) ar a lucht leanúna. Tá conspóid ann faoi bhunús Bon agus faoina chaidreamh leis an mBúdachas Tibéadach. De réir stair Bhúdaíoch na Tibéide, is é Bon reiligiún dúchasach na Tibéide, ar a mbuaigh an Búdachas sa 8ú céad CR. De réir na staire Bonpo, forbraíodh Bon i dtír ar an taobh thiar den Tibéid ar a dtugtar Tazig (Tib. སྟག་གཟིག་ stag gzig).