Traidisiún (sochaí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
William Carleton (1845), "Tales and sketches, illustrating the character, usages, traditions, sports and pastimes of the Irish peasantry"

Na béasa, gnásanna srl., a thagann anuas ó ghlúin go glúin is ea traidisiún (Laidinː traditio).[1] Is é atá i gceist i dtraidisiún ná na foirceadail, na creidiúintí agus na nósanna a bhaineann le dream faoi leith daoine, agus go mbíonn na nithe sin tagtha slán anuas trí na glúinte toisc a thábhachtaí atá siad don dream sin.[2]

Cé go mbíonn páirt ag gach aon duine sa traidisiún a chaomhnú agus é a chur i bhfeidhm ar chúinsí nua, cuireann a lán pobal creidimh tábhacht faoi leith le páirt a gceannairí sa chúram seo.  Tuigtear dóibh go bhfuil údarás faoi leith ag a gceannairí teagasc a thabhairt ar chúrsaí morálta, nó treoir a thabhairt a chur ar na daoine ina mbeatha mhorálta.[2] Is minic a thuigtear dóibh go dtéann an t-údarás seo siar go dtí pearsa bhunaidh mhórthábhachtach.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Foclóir Beag: traidisiún" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-11-23.
  2. 2.0 2.1 2.2 Mater Dei (2007). "Clár 'Briathar'". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-11-23.