Gormfhéar (ceol)
Appearance
(Athsheolta ó Bluegrass)
Ceol tuaithe sna Stáit Aontaithe a bhaineann feidhm as maindilíní, bainseónna, giotáir, giotáir le hathshonadóirí miotalacha, agus canadh ard in armóin. D'fhás sé ó cheol tuaithe na hEorpa agus ceol an chine ghoirm. Thosaigh sé i réigiún na sléibhte Apaláiseacha, agus ba iad rímháistrí an cheoil seo an t-amhránaí is seinnteoir maindilín Bill Monroe (1911-1996), an seinnteoir bainseó Earl Scruggs (1924-), an seinnteoir giotáir Lester Flatt (1914-1979), agus Jimmy Martin (1927-2005).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gormfhéar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 328.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |