Bithrithim
Rithim bhitheolaíoch nó athruithe tréimhsiúla i bhfeidhmú planda nó ainmhí is ea bithrithim. Féadfaidh tréimhse na rithime a bheith chomh gearr le soicind amháin nó chomh fada le bliain. Tá rithimí inginiúla ann a eascraíonn ón taobh istigh den orgánach, agus rithimí eisginiúla a eascraíonn ó fhachtóirí sa chomhshaol, cosúil leis na hailtéarnuithe idir dorchadas na hoíche is gile an lae. Is minic a bhíonn na rithimí inginiúla sioncronaithe le hathruithe tréimhsiúla sa chomhshaol. Samplaí de bhithrithimí daonna is ea bualadh an chroí, an riospráid, codladh is dúiseacht, an fás is an titim laethúil i dtáirgeadh an hidreacortasóin faoi stiúir na hinchinne (is é sin, an fhaireog phinéalach is an hipeatalamas san inchinn). Rithimí suntasacha sna hardphlandaí is ea an fhótaisintéis agus oscailt is dúnadh laethúil bláthanna áirithe.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bithrithim". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 77.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |