Bitheoinic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sampla den bhitheoinic is ea forbairt péint a dhíbríonn uisce agus salachar, rud atá bunaithe ar an loiteog nach féidir le rud ar bith greamú uirthi.

Is é is bitheoinic ann ná teicneolaíocht a bhaineann le horgáin shaorga: cluasa, craiceann, fuileadáin, duáin, ailt is géaga. Baineann sí le feistí leictrimeicniúla a dhéanann aithris ar iompar neach bheo freisin. Tagann róbait a ghluaiseann ar chosa faoi scáth na heolaíochta seo, chomh maith le ríomhairí a bhaineann sochar as intleacht shaorga. I measc na gcóras bitheoinice is faide chun cinn, tá córais leictreonacha a dhéanann na matáin i gcosa duine le paraipléige a spreagadh de réir a chéile chun gur féidir leis siúl ar bhealach atá cosúil le gnáthdhuine. Chum Jack E. Steele an téarma sa bhliain 1958.