Bith-aiseolas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bith-aiseolas

Teicníocht inar féidir le duine foghlaim lena fhreagairtí uathnómacha (nach bhfuil faoi rialú comhfhiosach de ghnáth) a rialú trí ghléasanna monatóirithe a úsáid a thugann eolas ar a ghníomhú láithreach agus san am a caitheadh. Le traenáil mar seo le sfigmiméadar, is féidir le duine a bhrú fola a laghdú. Le traenáil le leictreinceifileagram, is féidir cabhrú le táirgeadh alfathonnta agus mothúcháin faoisimh is folláine. Tá meaisíní ar an margadh a dhíoltar mar mheaisíní faoisimh chun strus is neamhoird a bhaineann le strus a laghdú, ach is beag neamhbhuan a n-éifeacht.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bith-aiseolas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 75.