Jump to content

Baile Uí Bhaoithín

(Athsheolta ó Bhaile Uí Bhaoithín)
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Baile Uí Bhaoithín
Íomhá
Sonraí
CineálSuíomh oghaim agus séadchomhartha náisiúnta na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOgi-Ogham Project (en) Aistrigh agus Irish ᚑᚌᚆᚐᚋ Stones in the Wikimedia Universe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire, Cúige Mumhan, Éire, Corca Dhuibhne, Éire, Márthain, Éire agus Márthain, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 09′ 31″ N, 10° 24′ 26″ O / 52.15867°N,10.40728°W / 52.15867; -10.40728

Séadchomhartha náisiúnta[1] is ea Baile Uí Bhaoithín[2], suíomh Chríostaí na meánaoise suite ar Leithinis an Daingin, Eire.[3][4][5][6]

Tá Baile Uí Bhaoithínis suite 800 m (leath míle) raibh ó dheas de Bhaile an Fheirtéaraigh, ar an taobh theas de shliabh Chruach Mhárthain, ag 52° 09′ 32″ N, 10° 24′ 25″ O / 52.158792°N,10.40702°W / 52.158792; -10.40702

Bhí luath-lonnaíocht Chríostaí ann sa 6ú hais AD, darbh ainm fosta Raingléis.[7][8]

Cuireadh an chloch Oghaim suas mart leac uaighe c. AD 500–550. Briseadh ar oscailt an uaigh sna 1880í ar tóir óir.[9]

I mbun tochaltán sa bhliain 1998, d'aimsíodh laindéar cloiche agus scríobán breochloiche.[10]

Tá Baile Uí Bhaoithín timpeallaithe ag imfhálú ciorclach 68 m ar thrastomhas. San oirthear, tá fothrach aireagail de chloch shingil. San iarthar, tá dhá thuama ar shuíomh dhá lia os leacht.

Tá ann freisin leac croise, maisithe le Cros Mháltach,[11] a chuireann calluragh burial ground in iúl.

I dteannta sin, tá cros chloiche ann, 123 cm ar airde.[12]

An leac croise (chun tosaigh) agus fothrach an aireagail.[13]
Radharc ar an eaglais agus reilig.

Cathair na gCat

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá caiseal Críostaí ann díreach ó dheas den bhaile. Tá an dá bhothán cloiche agus b'fhéidir uaimh talún. Luaitear cat crainn b'fhéidir san ainm.

Tá cloch Oghaim ann, a mholtar go dtéann sí siar go luath sa 6ú haois AD.[14] Léitear an inscríbhinn:

TOGITTACC MAQI SAGARET[TOS]
Toicthaigh mhic Sáraid[15][16][17]