Beoghearradh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beoghearradh

Dioscadh ainmhithe beo ar chúiseanna turgnamhacha. Déantar taighde ar iarmhairtí drugaí nua, biabhreiseán, cosmaidí is an-chuid ceimiceán eile, fíocháin na colainne is iompar ainmhithe cosúil le muca guine, coiníní, francaigh, moncaithe, mar mhalairt ar dhaoine. Rialaítear an taighde seo go diongbháilte le reachtanna i dtíortha an iarthair, ach mar sin féin spreagann sé freasúra láidir i gcuid mhaith tíortha, cuid de in aghaidh an dlí, i gcoinne na gcomhlachtaí a bhíonn taobh thiar de is na n-eolaithe a dhéanann é.