Beagóinia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBeagóinia
Begonia Cuir in eagar ar Wikidata
Begonia obliqua00.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdCucurbitales
FineBegoniaceae
GéineasBegonia Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochBegonia obliqua Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósMichel Bégon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Planda ilbhliantúil tiúbrach nó ríosómach, uaireanta tom nó dreapaire, atá dúchasach do réigiúin theo, Meiriceá go príomha. Na duilleoga neamhshiméadrach, taobh amháin níos mó ná an taobh eile, go minic le spotaí nó marcanna bána nó dearga. Na bláthanna fireanna le dhá phiotal mhóra is dhá phiotal bheaga, na bláthanna baineanna le 4-5 phiotal sa bhreis air sin. Capsúl eiteach is ea an toradh. Uaireanta tugtar cluas eilifinte air mar gheall ar chruth na nduilleog. Atáirgeann sé go héasca ó ghearrthóga duilleog leagtha ar ithir thais, agus úsáidtear an teicníocht seo go forleathan sa ghairneoireacht. Fástar an-chuid speiceas mar mhaisiúchán.