Banc sonraí téarmaíochta
Appearance
Banc ollmhór sonraí téarmaíochta ar ríomhaire atá crostagartha do na téarmaí céanna i raon teangacha. Cuireadh an acmhainn seo ar fáil de bharr borradh géaraithe faoin téarmaíocht theicniúil sa 20ú céad, agus gá práinneach úsáid focal a chaighdeánú idir na teangacha, na difríochtaí a chlárú, is comhchoibhnis a dhéanamh eatarthu. Tá a leagan féin den Fhoclóir Uathoibríoch Eorpach ar líne ag an Aontas Eorpach trí Euronet.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Banc sonraí téarmaíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 62.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |