Bean Bhaile na hÁite Tí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ballynahatty Woman)

Bean Bhaile na hÁite Tí a thugtar ar bhean Neoiliteach a chónaigh in Éirinn timpeall 5,200 bliain ó shin. Duine de na chéad fheirmeoirí sa tír ab ea í. Thángthas ar a corpán sa bhaile fearainn Bhaile na hÁite Tí in aice le Béal Feirste sa bhliain 1855. Sa bhliain 2015, rinneadh anailís ar a géanóm, agus géanóim triúr fear a chónaigh 4,000 bliain ó shin. Géineolaithe ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus seandálaithe ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste a rinne an obair. Fuarthas amach go raibh sócháin DNA ag Bean Bhaile na hÁite Tí agus ag fear de na fir ar féidir haemacrómatóis a chúisiú, galar ina gcoinníonn an corp an iomarca iarainn agus a bhfuil go leor de i measc dhaonra Oileáin Iarthar na hEorpa. Fuarthas amach gur bhain a sinsir leis an Meánoirthear, agus as pobail an lae inniu is cosúla í go géiniteach leo sin a chonaíonn sa Spáinn agus sa tSairdín. Rinneadh taighde ar a DNA agus is ón Meánoirthear a tháinig a sinsear.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [1] "Ancient DNA sheds light on Irish origins" Paul Rincon, BBC News, 28 Nollaig 2015. Arna rochtain ar 16 Márta 2018

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]