Baldus de Ubaldis
| Ainm sa teanga dhúchais | (it) Baldo degli Ubaldi |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 2 Deireadh Fómhair 1327 Perugia |
| Bás | 28 Aibreán 1400 72 bliana d'aois Pavia |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Perugia |
| Teanga dhúchais | an Iodáilis |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Dlí-eolaíocht |
| Gairm | saineolaí dlí, múinteoir ollscoile |
| Fostóir | Ollscoil Bhologna Ollscoil Pavia Ollscoil Flórans Ollscoil Padua Ollscoil Pisa Ollscoil Perugia |
| Mac/iníon léinn de chuid | Bartolus de Saxoferrato agus Federico Petrucci |
| Mac/iníon léinn | Pápa Gréagóir XI, Francesco Zabarella, Peter of Ancarano (en) |
| Teangacha | An Laidin |

Dlí-eolaí de chuid na hIodáile ba ea Baldus de Ubaldis (1327 - 28 Aibreán 1400). Bhí Baldus i measc na saineolaithe ba thábhachtaí san Iodáil mheánaoiseach maidir leis an an dlí Rómhánach agus an dlí Canónta.[1]

Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis bhás Bartolus de Saxoferrato sa bhliain 1357, tháinig Baldus (a bhí i measc a chuid mac léinn) ina áit mar an t-údar dlí ba cháiliúla agus ba mhó tionchair san Eoraip.
Bhí Baldus i measc na saineolaithe ba thábhachtaí san Iodáil mheánaoiseach maidir leis an an Dlí Rómhánach agus an Dlí canónta na hEaglaise Caitlicí; rinneadh an Pápa Gréagóir XI de dhuine dá chuid mac léinn (Pierre Roger de Beaufort) agus ghair an chéad Phápa eile Urban VI Baldus chun na Róimhe chun comhairle a thabhairt dó maidir le roinnt ceisteanna a bhain le Siosma Mór an Iarthair.

Foilseacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhág Baldus corpas mór tráchtaireachtaí, tráchtas agus go háirithe tuairimí dlí, a léiríonn an bhaint a bhí aige le fadhbanna praiticiúla dlíthiúla agus polaitiúla le linn a ré. Bhí tionchar mór ag a chuid oibre ar dhlí na fianaise thar aon chuid eile.
Liosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- De syndicatu officialium
- De duobus fratribus
- De significatione verborum
- De pace Constantiae
- De feudis
- Summula respiciens facta mercatorum.
- Commentaria in digestum vetus.
- Consiliorum sive responsorum.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Baldus de Ubaldis". Dáta rochtana: 2021.