Bac fola/uiríocha
Bac fisiciúil a chruthaíonn an timpeallacht is fearr i gcomhair aibiú na ngaiméití ina speirmeatasóin. Cuimsíonn sé cealla Sertoli i bhfidíní seamhanmhara na n-uiríocha is na comhchumair neamhintreáiteacha eatarthu. Nuair a bhíonn inniúlacht imdhíonach bainte amach sna húiríocha, cuireann sé bac ar ábhar antaigineach a ligean ar ais san imshruthú fola le hidirghníomhú le córas imdhíonach na colainne féin, a aithneoidh mar choimhthíoch iad is a chruthóidh antashubstaintí a dhéanfaidh dochar do na húiríocha. Má tharlaíonn damáiste don bhac seo (mar thoradh ar leicneach i bhfear fásta, mar shampla) is feidir go dtarlóidh an ligean is an ghiniúint antashubstaintí seo, agus mar thoradh, athlasadh imdhíonach na n-uiríocha, milleadh na ngaiméití, agus aimride.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |