Jump to content

Búmarang

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Búmaraing

Píosa adhmaid cuartha is ea búmarang, a thagann ar ais chugat má chaitheann tú i gceart é. Is ag bundúchasaigh na hAstráile a bhí an búmarang in úsáid ar dtús.[1]

Imríonn daoine cluichí le búmarang inniu ach uirlis fiaigh san Astráil a bhí ann fadó. Bata caite atá ann, cuartha chun go n-eitleoidh sé fad mór is go mbuailfidh buille trom ar sprioc. Tá foirmeacha múnlaithe chun gur féidir leo conair chuartha a eitilt chun filleadh ar an ionad lainseála.[2]

  1. "búmarang - Definition in Irish Gaelic with audio pronunciation for búmarang by Foras na Gaeilge". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2026-01-03.
  2. Hussey, Matt (2011). "Búmaraing". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 98.