Bónapárt Ó Cúnasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarBónapárt Ó Cúnasa
Cineálduine ficseanúil
carachtar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Béal Bocht Cuir in eagar ar Wikidata
Plaic chuimhneacháin ar an tSrath Bán

Is é Bónapárt Ó Cúnasa príomhcharachtar agus scéalaí an leabhair An Béal Bocht, a scríobh Brian Ó Nualláin faoin ainm cleite Myles na gCopaleen.

An leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

An chéad eagrán, 1941

Is aoir é an t-úrscéal An Béal Bocht a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1941. Déanann an leabhar scigaithris ar chuid de na leabhair bheathaisnéise a scríobhadh faoin saol dian sna ceantair Ghaeltachta, ar nós An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain agus Peig le Peig Sayers. Tá an scéal lonnaithe in áit iargúlta darbh ainm Corca Dorcha, áit ina bhfuil an saol fíordheacair, na daoine fíorbhocht agus an aimsir fíorfhliuch.[1]

Téamaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na mórthéamaí sa leabhar ná an greann, an Ghaeilge, agus bochtanas agus cruatan an tsaoil sa Ghaeltacht. 

Príomhalt: An Béal Bocht

An scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Buailimid le Bónapárt den chéad uair agus é ag teacht i dtreo dheireadh a shaoil. Is éard atá sa leabhar seo ná a chuimhní cinn agus é ag breathnú siar ar an saol bocht, dian a bhí aige i gCorca Dhorca. 

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An Béal Bocht le Myles na gCopaleen : Na gCopaleen, M, 1941. An Béal Bocht. 3rd ed. Ireland: Mercier Press

Léitheoireacht Breise[cuir in eagar | athraigh foinse]