Báisteach chomhiomprach
Cuma
Is éard is báisteach chomhiomprach[1] ann ná saghas báistí a fhaightear in aeráidí meánchiorclacha, le fronta fuar a bhaineann le toirteanna éagobhsaí aeir mholaigh. Nuair a théitear toirt aeir ón taobh thíos, leathnaíonn is éiríonn sí in airde. Fuaraíonn sí is í ag éirí, tarlaíonn comhdhlúthú, cruthaítear scamaill cumalainimbis, agus titeann báisteach throm uathu.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““convectional rain” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-17.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Báisteach chomhiomprach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 60.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |