Bád na nGort nDubh (Corca Dhuibhne, 1818)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
árthach céad tonna, ar a slí ó Luimneach go Glaschú

Bád saighne, a bhí ar thóir árthaigh raice, ab ea Bád na nGort nDubh; ar 31 Eanáir 1818, bádh fear is fiche ó Pharóiste an Fheirtéaraigh.[1][2]

na Blascaodaí

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an Brilliant, árthach céad tonna, ar a slí ó Luimneach go Glaschú le ládáil cruithneachtan, nuair a stracadh a seolta le linn anaithe. Bádh triúr dá criú, agus an méid acu a bhí fágtha, d’éirigh leo í a stiúradh go dtí na Blascaodaí. ‘An tÁrthach Maol’ a thugadh muintir na háite seo uirthi, toisc í bheith gan seol gan stiúir.

Bhí an Brilliant tugtha fé ndeara ag muintir Dhún Chaoin, agus b’eo le dhá bhád saighne ina diaidh. Ach níorbh fhada go raibh bád ó pharóiste an Fheirtéaraigh tagtha suas leo. Bhí fear is fiche dulta amach i mBád na nGort nDubh, cé gur ochtar criú a bhíodh sna báid saighne de ghnáth, agus chuireadar an ruaig ar mhuintir Dhún Chaoin aisti.

Chuaigh cuid de mhuintir na nGort nDubh ar bord an Brilliant, agus d’fhan cuid acu sa Bhád na nGort nDubh, á ainliú ina haice. Ach, agus iad ag caitheamh earraí ón árthach go dtí an bád, tharla rud éigin agus shuncáil an bád.

Cuireadh i leith mhuintir Dhún Chaoin ina dhiaidh sin nár dheineadar faic chun muintir na nGort nDubh a thit i bhfarraige a shábháil.[1]

Lean achrann is aighneas idir an dá pharóiste go ceann i bhfad.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Daithí De Mórdha (2018). "Cothrom an lae seo 200 bliain bádh 21 duine ó Chorca Dhuibhne. Inseofar an scéal inniu ar RnaG…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-02-01.
  2. 2.0 2.1 Raidió na Gaeltachta (2018). "Bád na nGort nDubh 31ú Eanair 1818" (ga). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-02-01.