Athbhreith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Athbhreith ann ná foirm síciteiripe atá bunaithe ar an gcoincheap gur féidir go gcuirfidh eachtraí coscracha le linn breithe le smaointe is dearcaí diúltacha níos déanaí i saol an duine, agus go gceartófar na dearcaí seo trí chúlú don bhreith is maireachtáil trí na heachtraí sin arís. In athbhreith uisce, cuirtear duine faoin uisce i bhfolcadán. In athbhreith grúpa, fálaíonn grúpa daoine duine go daingean mar a bheadh i mbroinn, agus brúnn siad adhartáin air.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Athbhreith". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 53.