Athbheochan na Coirnise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is próiseas leanúnach é Athbheochan na Coirnise (Coirnis: Dasserghyans Kernewek, lit. aiséirí na Coirnise) chun úsáid na Coirnise i gCorn na Breataine a athbheochan. Thosaigh an Choirnis ag dul i léig le linn an 13ú haois, ach thosaigh a meath le scaipeadh na hAngla-Shacsainise (An tSean-Bhéarla) sa 4ú haois agus sa 5ú haois.[1] D’éag an duine deireanach a tuairiscíodh a raibh eolas iomlán aige ar fhoirm thraidisiúnta na Coirnise, John Davey, sa bhliain 1891. Cuireadh tús le gluaiseacht na hathbheochana i ndeireadh an 19ú haois mar thoradh ar spéis san ársaíocht agus spéis acadúil sa teanga, a bhí imithe in éag cheana féin, agus freisin mar thoradh ar ghluaiseacht na hathbheochana ceiltí. Sa bhliain 2009, d’athraigh Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA ) a rangú ar an gCoirnis ó “díofa” go “i mbaol criticiúil”, a fheictear mar ócáid chinniúnach d’athbheochan na teanga.

Athbheochan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Plaic chomórtha ar theach Henry Jenner agus inscríbhinn dhátheangach uirthi

Le linn an 19ú haois bhí an Choirnis ina ábhar spéise ó thaobh na seandálaíochta de agus tugadh roinnt léachtaí ar an ábhar agus foilsíodh paimfléid uirthi. Sa bhliain 1904, d’fhoilsigh an scoláire teanga Ceilteach agus gníomhaí cultúrtha na Coirnise Henry Jenner 'A Handbook of the Cornish Language'. Is minic a mheastar gurb é foilsiú an leabhair seo tús na gluaiseachta athbheochana reatha. Bhí an litriú sa leabhar seo bunaithe ar an litriú a a bhí in úsáid nuair a bhí an Choirnis ina teanga phobail go deireanach san 18ú haois.

An Choirnis Chomhaontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Robert Morton Nance a rinne cur síos ar a chuid oibre in 'Cornish for All i 1929' a bhí freagrach as an chéad tionscadal chun litriú na Coirnise a chódú agus a litriú go rialta a sholáthar don teanga athbheochana. Murab ionann agus saothar Jenner atá bunaithe ar an gCoirnis Dhéanach, bhí ortagrafaíocht Nance, ar a dtugtar 'An Choirnis Chomhaontaithe' (Béarla: Unified Cornish) bunaithe go príomha ar an Chornais Mheánach ón 14ú agus an 15ú haois. Chreid Nance gurbh ardphointe í an tréimhse seo do litríocht na Coirnis. Chomh maith le córas caighdeánaithe litrithe a chur i láthair, leathnaigh Nance an stór focal dearbhaithe le foirmeacha a bhí bunaithe go mór ar an mBriotáinis agus ar an mBreatnais, agus d’fhoilsigh sé foclóir sa Choirnis Chomhaontaithe i 1938 . Bhí cur chuige diongbháilte Nance i bhfabhar foirmeacha níos sine ‘Ceilteacha’ seachas na foirmeacha stairiúla níos déanaí a tháinig ón Meán-Bhéarla agus ón Nua-Bhéarla.

Glacadh le saothar Nance mar bhunús leis an gCoirnis athbheochana agus ba é a chuid ortagrafaíocht an t-aon cheann a bhí in úsáid don chuid is mó den 20ú haois. Mar sin féin, de réir mar a aistríodh an fócas ón Choirnís scríofa go labhartha, dhealraigh sé nach raibh leagan amach righin, ársa Nance ar an teanga chomh hoiriúnach sin d'athbheochan labhartha na teangan. Chomh maith leis sin, bhí roinnt idirdhealuithe i bhfóineolaíocht Nance a léirigh taighde níos déanaí nach mór a bheith ann i gCornis thraidisiúnta. Tá an Choirnis Chomhaontaithe fós in úsáid ag roinnt cainteoirí a bhraitheann, cé go n-admhaíonn siad a heasnaimh, gur fhreastail sí go maith ar feadh blianta tosaigh na hathbheochana.

Kernewek Kemmyn[cuir in eagar | athraigh foinse]

  Sc bhliain 1986, mar fhreagra ar mhíshástacht leis an Choirnis Chomhaontaithe, rinne Ken George staidéar ar fhuaimeanna na Coirnise agus cheap sé ortagrafaíocht nua, Kernewek Kemmynan Choirnis Choiteann, bunaithe ar a thaighde.[1] Cosúil leis an an Choirnis Chomhaontaithe, choinnigh Kernewek Kemmyn bonn na Mean-Coirnisee ach chuir sé ortagrafaíocht i bhfeidhm a bhí ag dréim le bheith chomh fóinéimeach agus ab fhéidir. D'áitigh George go ndéanfadh an caidreamh i bhfad níos dlúithe seo idir fuaimeanna agus scríbhneoireacht an Choirnis i bhfad níos éasca a mhúineadh agus a fhoghlaim.

Sa bhliain 1987, tar éis bliain amháin de phlé, d’aontaigh Bord na Coirnise é a ghlacadh. Nuair a ghlac Bord na Coirnise leis, bhí deighilt i bpobal na Coirnise, go háirithe ó bhí daoine ag úsáid seanchóras Nance le blianta fada agus gan cur amach acu ar an gcóras nua. Cé gur ghlac tromlach na gcainteoirí Coirnise léi (thug meastacháin éagsúla le fios gur thart ar 55–80% a bhí sásta), cháin Nicholas Williams agus Jon Mills é ar chúiseanna éagsúla, chomh maith leo siúd a mheas go raibh a hortagrafaíocht nuálach ró-dhifriúil ó choinbhinsiúin litrithe traidisiúnta na Coirnise.

An Choirnis Chomhaontaithe Athbhreithnithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1995, thug Nicholas Williams a dhúshlán don Kernewek Kemmyn féin, ag liostáil ina leabhar Cornish Today 26 locht, más fíor, i Kernewek Kemmyn . Mar mhalairt air sin, cheap agus mhol Williams athbhreithniú ar an gCoirnis Chomhaontaithe, ar a dtugtar Coirnis Chomhaontaithe Athbhreithnithe (nó CCA). Bhí CCA bunaithe ar an Choirnis Chomhaontaithe, ag tabhair an litrithe chun rialtachta agus ag coinneáil chomh gar agus is féidir do chleachtais ortagrafacha na scríobhaithe meánaoise. Mar an gcéanna le Kernewek Kemmyn, bhain CCA úsáid as ábhair phróis Thúdaracha agus agus ó ábhair phrós na Coirnise Déanaí raibh ar fáil do Nance. Foilsíodh foclóir cuimsitheach Béarla-Coirnis den Choirnis Chomhaontaithe Athbhreithnithe sa bhliain 2000, agus díoladh a dhóthain cóipeanna chun an dara heagrán a thuilleamh. Tháinig freagra ar an gcáineadh in Cornish Today go luath ina dhiaidh sin i Kernewek Kemmyn – Cornish for the Twenty First Century le Ken George agus Paul Dunbar. Bhí frith - fhreagra ar an dara ceann le feiceáil i 2007.

An Nua-Choirnis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go luath sna 1980idí, d’fhoilsigh Richard Gendall, a bhí ag obair le Nance, córas nua bunaithe ar shaothair na scríbhneoirí Coirnise níos déanaí sa 17ú haois agus san 18ú haois, díreach sular cailleadh an teanga. Úsáideann an leagan seo, ar a dtugtar An Nua-Choirnis, ar a dtugtar An Choirnis Dhéanach freisin, struchtúir ghramadaí beagán níos simplí agus foclóir agus litriú a raibh tionchar níos mó ag an mBéarla air. Tá roinnt athruithe déanta ar an ortagrafaíocht. Is é Cussel an Tavas Kernuak an príomhchomhlacht a chuireann An Nua-Choirnis chun cinn.

Comhpháirtíocht na Coirnise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Ferdinand, Siarl (2-December-2013). "A Brief History of the Cornish Language, its Revival and its Current Status" (PDF). e-Keltoi 2: 199–227. Retrieved 18 April 2016