Athbheochan chardascamhógach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtAthbheochan chardascamhógach
Cuid demíochaine
Aitheantóirí
MeSHD016887
Acmhainní seachtracha
EB Onlinetopic/cardiopulmonary-resuscitation
Téarmaíocht anatamaíoch


Athbheochan chardascamhógach

An bealach a ndéanann foireann leighis éigeandála duine a d'fhulaing taom croí a athbheochan. Agus an duine ina luí ar a dhroim, cuirtear fórsa tréimhsiúil (timpeall 70 uair in aghaidh an nóiméid) i bhfeidhm ar a chliabhrach (suathaireacht sheachtrach chairdiach) chun an fhuil a thiomáint don chroí is an inchinn san am nach bhfuil riospráid ná bualadh croí nádúrtha i bhfeidhm. Déanann ball den fhoireann ionanálú tréimhsiúil isteach béal an othair freisin. Nuair a chuirtear i gcrích taobh istigh de 4 nóiméad tar éis an taom croí í, maireann níos mó ná 25% d'íobartaigh. Más tar éis 4 nóiméad a dhéantar an iarracht athbheochana, faigheann os cionn 90% bás.

Ní mór leanúint leis an athbheochan go mbuaileann an croí uaidh féin nó go mbíonn dífhibrilitheoir ar fáil chun an croí a thosú ag bualadh le turraing leictreach tríd an gcliabhrach.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Athbheochan chardascamhógach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 53.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]