Astú tánaisteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Astú tánaisteach

Astú leictreon ó dhromchla ábhair mar thoradh ar a thuairgneáil le leictreoin. Bíonn speictream fuinnimh ag na leictreoin astaithe suas go dtí fuinneamh na leictreon ionsaitheach. Astaíonn miotail níos lú leictreon tánaisteach ná mar a dhéanann inslitheoirí. Baintear feidhm as an bhfeiniméan seo i bhfóta-iolraitheoirí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Astú tánaisteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 52.