As an nGéibheann: litreacha chuig Tomás Bairéad
| Cineál | saothar liteartha |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Máirtín Ó Cadhain Tomás Bairéad |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Foilseachán | 1973 |
| Foilsitheoir | Sáirséal agus Dill |
Bailiúchán litreacha Gaeilge ón scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain go Tomás Bairéad a d'fhoilsigh Sáirséal agus Dill sa bhliain 1973 is ea As an nGéibheann: litreacha chuig Tomás Bairéad. Comhfhreagras eatarthu atá ann i rith na tréimhse a raibh Ó Cadhain i ngéibheann le linn Ré na Práinne i rith an Dara Cogaidh Dhomhanda. Cuireadh i ngéibheann é ó bhí sé ina bhall d'Óglaigh na hÉireann ón mbliain 1918 anonn.
Thug Ó Cadhain le fios nach raibh fonn air imeacht ón gcampa i litir ina ndúirt sé [N]íl tnúthán ar bith agam féin len a dhul amach…Bheinn chomh sásta istigh agus a bheinn amuigh.[1]
Litreacha Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cáil ar na litreacha a scríobh Máirtín Ó Cadhain chuig Tomás Bairéad agus é faoi ghlas i gcampa an Churraigh idir 1940 agus 1944. Ach scríobh sé an oiread céanna litreacha chuige ina dhiaidh sin, litreacha nár foilsíodh. Phléigh Aindrias Ó Cathasaigh iad i gColáiste na Tríonóide ar an 3ú Feabhra 2026.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ó Cadhain, Máirtín ‘As an nGéibheann: litreacha chuig Tomás Bairéad’, Sáirséal agus Dill, BÁC, 1973.
| Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |