Asúchán
Appearance
Greamú ábhair ó phas amháin isteach i bpas eile is ea asúchán, de ghnáth trí imoibriú ceimiceach (ceimeasú) idir an t-ábhar asúite (an t-asúiteán) is dromchla an ábhair asúite (an t-asúiteoir). Uaireanta déantar aonchorp den asúiteán is struchtúr an asúiteora. Mar shampla, is féidir le pallaidiam na céadta oiread dá thoirt féin de hidrigin ghásach a asú.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Asúchán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 52.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |