Jump to content

Ródaideandrón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Asáilia)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoRódaideandrón
Rhododendron Cuir in eagar ar Wikidata

Rhododendron ponticum Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
OrdEricales
FineEricaceae
FofhineEricoideae
GéineasRhododendron Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochRhododendron ferrugineum Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is ródaideandrón (rhododendron ponticum)[1] ann ná tom nó crann beag síorghlas, uaireanta eipifít, dúchasach do réigiúin mheasartha sa leathsféar thuaidh, ach cruinnithe sa réigiún mar a mbriseann na haibhneacha móra Áiseacha trí na Himiléithe Thoir, agus an Nua-Ghuine.

i nDún na nGall
Dún Lóich
Mucros, Contae Chiarraí

Faightear é in ithir aigéadach amháin.

Na duilleoga ailtéarnach, ubhchruthach de ghnáth is leathrúil.

Na bláthanna i gcrobhaingí ag barra na bpríomhghéag, tonnadóirchruthach nó clogchruthach.

Na seipil laghdaithe ina bhfaobhair uaireanta, 5-10 bpeiteal is staimíní.

Na céadta saghsanna nádúrtha ceansaithe ar eolas, le bláthanna ar an iliomad méideanna is dathanna.

Baineann asáilianna leis an ngné chéanna, agus bíonn an chuid is mó de na tréithe thuas acu freisin, ach amháin go bhfuil siad duillsilteach.[2]

Rhododendron ferrugineum

Tacsanomaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Carl von Linné cur síos ar an géineas Rhododendron L. sa bhliain 1753.[3] Is é Rhododendron ferrugineum L. an leictitíopa.[4]

Planda ionrach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sceach le bláth álainn air is ea an róslabhras a thugann lán trioblóide, go háirithe an ródaideandrón fiáin. In Éirinn, is planda ionrach eachtrach é an planda seo nach bhfuil mórán creachadóirí dúchasacha aige agus a sháraíonn flóra dúchasach, agus an dá ghné ag teacht le chéile chun a fhágáil go bhfuil an tor seo ina fhadhb, cosúil le plandaí ionracha eile.[5]

Tá an planda tocsaineach do dhaoine agus do ainmhithe i gcásanna áirithe (grayanotoxin[6]). Sa Tuirc agus sa Bhreatain Bheag bhí cásanna ann de ghalar na meala buile, is é sin fadhbanna cairdiacha agus duáini ndaoine a d’ith mil atá lán le tocsainí ó phailin a bhailigh beacha ó bhláthanna na bplandaí. Mar sin ní mór do bheachairí a bheith cúramach.

Ní i gCill Airne i gCiarraí amháin atá fadhb an phlanda seo a thuilleadh, mar a bhí amhlaidh le blianta fada. Tá a n ródaideandrónag bagairt anois ar choillte, ar fhoraoisí, ar mhóinteáin agus ar thalamh féaraigh ó Ghaillimh go Maigh Eo go Dún na nGall.[5]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): ródaidéandrón (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-07-07.
  2. Hussey, Matt (2011). "Ródaidéandran (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 565.
  3. Rhododendron L. (n.d.). Plants of the World Online. Retrieved March 23, 2026, from https://powo.science.kew.org/taxon/urn:lsid:ipni.org:names:327085-2
  4. Missouri Botanical Garden. (n.d.). Rhododendron L. Tropicos. Retrieved March 23, 2026, from https://www.tropicos.org/name/40024927
  5. 1 2 Diarmuid Breatnach (2026-03-27). "Plandaí ionracha na hÉireann" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-03-30.
  6. "Grayanotoxin" (as en) (2026-01-13). Wikipedia.