Arm Fuascailte na Balúitseastáine
| Ainmnithe in ómós | an Bhalúcastáin | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Sonraí | |||||
| Cineál | eagraíocht mhíleata eagraíocht sceimhlitheoireachta | ||||
| Cuspóir an tionscadail nó na gníomhaíochta | neamhspleáchas | ||||
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | náisiúnachas na mBalúitseach | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 2000 | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
| 11 Márta 2025 | 2025 Jaffar Express hijacking (en) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Uachtaránacht | Akbar Bugti Balach Marri Allah Nazar Baloch | ||||
Eagraíocht mhíleata is ea Arm Fuascailte na Balúitseastáine (AFB) atá lonnaithe san Afganastáin, ar a dtugtar Arm Saoirse na mBalúitseach.[1][2] Tá an AFB liostaithe mar eagraíocht sceimhlitheoireachta ag an bPacastáin,[3] an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe.[4][5]


Coimhlintí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Moslamaigh Shunnaíocha atá sna Balúitsigh den chuid is mó agus is ar bhonn creidimh – chomh maith le bonn polaitiúil – a chuireann siad in aghaidh stát Siach na hIaráine.
Mar atá an scéal, creidtear go dtacaíonn an Iaráin le reibiliúnaithe Balúitseacha atá ag troid in aghaidh na Pacastáine agus go dtacaíonn an Phacastáin le reibiliúnaithe Balúitseacha eile atá ag troid in aghaidh na hIaráine.
Ach oiread le coimhlintí stairiúla ar fud an domhain, scéal casta atá ann agus mar leis an bprionsabal 'is é namhaid mo namhad mo chara', baineann sé go mór le hábhar sa chás seo.[7]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó 2004, tá an AFB ag troid i gcoinne na Pacastáine ar mhaithe le féinchinntiúchán do mhuintir na Balúitseastáine[8] agus scaradh ón Phacastáin; bhí baint aige le glanadh eitneach na mionlach neamh-Bhalúitseach sa Bhalúitseastáin.[9]
Is minic an Phascastáin agus an AFB ag troid le chéile. Mar shampla ar an 17 Eanáir 2024 rinne fórsaí na hIaráine ionsaithe ar ionaid sa Phacastáin. Maraíodh beirt leanaí agus gur gortaíodh sibhialtaigh eile mar gheall ar ionsaí úd na nIaránach. Mhaígh na hIaránaigh, áfach, gur ar cheannaircigh Bhalúitseacha atá bunaithe sa Phacastáin a bhí an t-ionsaí dírithe. An lá dár gcionn maraíodh naonúr nuair a scaoil fórsaí míleata na Pacastáine dróin agus roicéid thar teorainn le hionaid in oirdheisceart na hIaráine. Mhaígh na Pacastánaigh gur ar náisiúnaithe Balúitseacha, bunaithe san Iaráin, a bhí a gcuid airtléire dírithe.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Syed Irfan Raza (2006-04-10). "BLA declared terrorist organisation, banned" (en). Dawn. Dáta rochtana: 2026-03-21.
- ↑ i mBéarla, Balochistan Liberation Army
- ↑ web.desk (2012-10-24). "List of banned organisations in Pakistan" (en). The Express Tribune. Dáta rochtana: 2026-03-21.
- ↑ "Terrorist Designations of Balochistan Liberation Army and Husain Ali Hazzima and Amendments to the Terrorist Designations of Jundallah" (en-US). United States Department of State. Dáta rochtana: 2026-03-21.
- ↑ kamran.yousaf (2019-07-02). "US declares Balochistan Liberation Army a terrorist group" (en). The Express Tribune. Dáta rochtana: 2026-03-21.
- ↑ "Balach Marri" (as en) (2026-02-02). Wikipedia.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2024-01-18). "Iaráin, Pacastáin in árach a chéile, Balúitsigh sa bhearna bhaoil" (as ga).
- ↑ i mBéarla, Balochistan
- ↑ "Balochistan Liberation Army | Mapping Militants Project" (en). mappingmilitants.org. Dáta rochtana: 2026-03-21.