Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra
Jump to navigation
Jump to search
IUCN | |
![]() | |
Ceanncheathrú: | Gland, An Eilvéis |
Ballraíocht: | 1,000 institiúid, 160 tíortha |
Ard-Rúnaí: | Julia Marton-Lefèvre (ard-stiúrthóir), Zhang Xinsheng (uachtarán) |
Foirmiú: | 1948 |
Suíomh gréasáin oifigiúl: | http://www.iucn.org |
Eagraíocht idirnáisiúnta é IUCN (nó Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra) a bunaíodh i 1948, lonnaithe san Eilvéis, chun úsáid inmharthanach is caomhnú acmhainní nádúrtha a chur chun cinn. Faoi 2011 bhí níos mó ná 1,000 institiúid is eagraíocht as 160 tír mar bhaill. Tá níos mó ná 11,000 saineolaí ar a choimisiún. Foilsíonn sé leabhair dhearga sonraí go rialta a chuireann síos ar na speicis plandaí is ainmhithe atá i mbaol dul in éag. Riarann sé an Coinbhinsiún ar Thrádáil Idirnáisiúnta i Speicis i mBaol.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |