Análú
Is éard is análú ann ná an t-athrú idir ionanálú gníomhach de ghásanna an aeir isteach sna scamhóga tríd an mbéal nó an tsrón agus an t-easanálú éighníomhach de ghásanna éagsúla.[1] I rith ionanálú crapann an scairt agus na matáin idireasnacha, a mhéadaíonn cuas a chliabhraigh agus a tharraingíonn aer isteach sna scamhóga.
Nuair a shíneann na matáin seo brúitear aer amach ó na scamhóga. Is cuid den riospráid é an t-análú agus tugtar riospráid sheachtrach air uaireanta. Tá mórán cineálacha análaithe ina mbíonn an rithim, an ráta nó na tréithe ann mínormálta.
Anáil agus mothúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Glacann muid anáil 25,000 uair gach lá gan smaoineamh air. Ach deir saineolaithe go léiríonn an tslí a nglacann muid anáil rud éigin faoinár mothúcháin, faoinár n-intinn agus faoinár gcorp.[2]
Deir siad go n-athraíonn ár n-anáil ag brath ar ár mothúcháin, ar ár smaointe agus ar an gcineál gníomhaíochta atá ar siúl againn. Gan amhras nuair a bhíonn muid ag rith, bíonn muid ag análú níos minice.
Nuair atá muid faoi bhrú, tá análaithe doimhne ar cheann de na bealaí is fearr le strus a ísliú sa chorp. Tá sé an-mhaith anáil mhór, fhada a ghlacadh chun strus a ísliú.
Nuair atá muid ag análú go héifeachtach, téann aer isteach sa dá thrian is ísle de na scamhóga. Cabhraíonn an t-aer sin le gach cuid den chorp.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Oxford, Concise Colour Medical Dictionnary, dara heagrán, eag. Elizabeth A. Martin, Nua-Eabhrac, 1998.
- ↑ maynoothuniversity.ie (16 Samhain 2020). "Eleathanach 366". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Eanáir 2021. Dáta rochtana: 2021.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |