Antairíneam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAntairíneam
Antirrhinum Cuir in eagar ar Wikidata
Antirrhinum majus-Flower 02.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FinePlantaginaceae
GéineasAntirrhinum Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Planda gearrshaolach ilbhliantúil, rud beag tomach, a fhásann 80 cm ar airde, dúchasach don Eoraip. Na duilleoga íochtaracha urchomhaireach, is na duilleoga uachtaracha ailtéarnach. Na bláthanna go láidir siogamorfach, an feadán le dhá liopa, an ceann íochtarach trímhaothánach, le starr (an carball) a dhúnann an feadán is a dhéanann ardán tuirlingthe do na bumbóga. Is í an bhumbóg an t-aon fheithid atá trom láidir a dhóthain chun na liopaí a oscailt is fáil isteach chun teacht ar an neachtar istigh ann. Sa phlanda fiáin bíonn na bláthanna scothdhearg/corcra, ach bíonn raon dathanna ar na plandaí saothraithe. Fástar é mar mhaisiúchán bliantúil.