Antaiginí leocaicíte daonna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Antaiginí leocaicíte daonna

Antaiginí a fuarthas ar dtús ar dhromchla cealla bána fola (leocaicítí) daonna, ach is eol anois go bhfuil siad ar na cealla uile núicléatacha, pláitíní is limficítí (HLA i mBéarla). Tá níos mó ná 100 antaigin difriúil ann, agus bíonn a chomhlánú ar leith ag gach duine. Faightear le hoidhreacht iad ón mbeirt tuismitheoirí, agus ní bhíonn an patrún céanna HLA ach ag cúplaí comhionanna. Tháinig a dtábhacht chun solais ar dtús i réamhinsint toradh trasphlandú orgáin, ach tuigtear anois go bhfuil baint láidir idir HLA is claonadh chun galar ar leith, galair uathimdhíonacha go háirithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Antaiginí leocaicíte daonna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 41.