Anne Sullivan Macy
Jump to navigation
Jump to search
Ba í Johanna "Anne" Mansfield Sullivan Macy (14 Aibreán 1866 – 20 Deireadh Fómhair 1936) múinteoir Helen Keller. Gael-Mheiriceánach a bhí inti. Rugadh i Massachusetts í. Ní raibh radharc na súl go maith aici agus d'fhreastail sí ar an Perkins School for the Blind. Ghlac sí post mar mhúinteoir Keller sa bhliain 1887 agus ba í an obair seo ba mhó a thuill clú di. Cailleadh sa bhliain 1936 i Nua-Eabhrac í.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |