Angela Rayner
Polaiteoir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre sa Ríocht Aontaithe is ea Angela Rayner. Rugadh í Angela Bowen i Stockport ar an 28 Márta 1980. Ceapadh í in 2024 mar Leas-Phríomh-Aire faoi Keir Starmer agus Rúnaí Stáit Tithíochta. D’éirigh sí as a post mar leas-phríomhaire na Ríochta Aontaithe (lena n-áirítear a héirí as a post mar Aire Tithíochta) i mí Mheán Fómhair 2025 tar éis scannal a bhain lena híocaíocht dleachta stampa.[1]



2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Feabhra 2025, ag labhairt faoi Loscadh Thúr Grenfell, dúirt Rayner le teaghlaigh na n-íospartach go raibh an cinneadh déanta ag an rialtas an foirgneamh a leagan chun talaimh. Bhí freagraí measctha ag an chinneadh seo; bhí roinnt daoine sa phobal sásta go mbeadh sé á bhaint síos. Ach bhí daoine eile ag iarraidh go mairfeadh Túr Grenfell mar chuimhne ar an tragóid.[2]
Comhartha drámatúil go bhfuil an caidreamh idir Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain agus na ceardchumainn sin ag dul in olcas is ea cinneadh Unite, an ceardchumann is mó sa Bhreatain, ballraíocht Angela Rayner, Leas-phríomhaire na Ríochta Aontaithe, a chur ar fionraí.
Scannail
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Iúil 2025 bhí Rayner curtha ar fionraí ón gceardchumann is mó sa Bhreatain, Unite. Dúirt Ard-Rúnaí Unite ag an am, Sharon Graham, nach bhfuil páirtí Keir Starmer ag seasamh le lucht oibre na Breataine. Tháinig an cinneadh i ndiaidh díospóireacht fhíochmhar sna ceardchumainn sa Bhreatain faoi pholasaithe an rialtais, go háirithe maidir le liúntais bhreosla do phinsinéirí, a cuireadh ar ceal.[3]
D’éirigh Rayner as a post mar leas-phríomhaire na Ríochta Aontaithe (lena n-áirítear a héirí as a post mar Aire Tithíochta) i mí Mheán Fómhair 2025 tar éis scannal a bhain lena híocaíocht dleachta stampa.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (12 Meán Fómhair 2025). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-09-20.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (8 Feabhra 2025). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-02-08.
- ↑ Eoin Ó Murchú (2025-07-18). "Leas-phríomhaire na Breataine curtha ar fionraí ón gceardchumann is mó – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-07-27.