André Donner (breitheamh Ísiltíreach)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Meitheamh 1918 Rotterdam, An Ísiltír |
Bás | 24 Lúnasa 1992 74 bliana d'aois Amersfoort, An Ísiltír |
Breitheamh de Chúirt Bhreithiúnais Eorpach | |
Breitheamh de chuid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Vrije Universiteit Amsterdam |
Céim acadúil | Dochtúir le Dlí |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saineolaí dlí, breitheamh, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Vrije Universiteit Amsterdam Ollscoil Groningen |
Ball de | |
Teaghlach | |
Páiste | Piet Hein Donner |
Athair | Jan Donner |
Siblín | Johannes Hendrikus Donner |
Dlí-eolaí agus breitheamh de chuid na hÍsiltíre ba ea André Donner (15 Meitheamh 1918 in Rotterdam ; † 24 Lúnasa 1992 in Amersfoort). An dara Uachtarán ba ea é ar Chúirt Breithiúnais na gComhphobal Eorpach (an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach) idir 1962 agus 1964.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Céimí de chuid Vrije Universiteit Amsterdam (1939 summa cum laude), cuireadh a thráchtas dochtúireachta (ar an dlí maidir le cinntí riaracháin) i láthair sa bhliain 1941.[1]
Bhí sé ina ollamh le dlí bunreachtúil i Vrije Universiteit Amsterdam ó 1945 go 1958.
Bhí sé ina bhall de Chúirt Breithiúnais na gComhphobal Eorpach ó 1958 go 1979 agus ina Uachtarán uirthi ó 1962 go 1964. Agus é ina Uachtarán, thug an Chúirt dhá bhreithiúnas bharrthábhachtacha a leag an bhunchloch le haghaidh dhlí na hEorpa mar atá inniu ann, mar shampla:
- Van Gend en Loos v Nederlandse Administratie der Belastingen (1963) Cás 26/62 agus
- Costa v ENEL (1964) Cás 6/64.
De réir na fianaise atá ar fáil, dealraíonn sé gur sa mhionlach i Van Gend en Loos a bhí Donner, a bhí i bhfabhar cur chuige i leith na héifeachtaí dlí fhorálacha na gConarthaí, a bhí ní ba choimeádaí ná an seasamh a thaitin le formhór na Cúirte (Robert Lecourt agus Alberto Trabucchi chun tosaigh ar aon duine eile).[1]
Tar éis dó éirí as an gCúirt, rinneadh ollamh i nDámh an Dlí, Ollscoil Groningen de Donner (go dtí 1984).
Bhí sé ina bhall de roinnt comhlachtaí oifigiúla ad hoc, ar nós Choimisiún Cals-Donner (1969-71) maidir le hathchóiriú an bhunreachta agus coimisiún fiosrúcháin 1976 faoi iompar An Phrionsa Bernhard (céile na banríona) i scannal Cheann an Locha.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
- An Chúirt Bhreithiúnais Eorpach
- Van Gend en Loos v Nederlandse Administratie der Belastingen (1963)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2019). "André Donner". Dáta rochtana: 2021.